Lá Spóirt
Lá eile lán gníomhaíochta a bhí ann dár Lá Spóirt traidisiúnta a tionóladh síos ag an bpáirc. Bhí neart spáis againn síos ag an bpáirc agus ón tús ní raibh ann ach dul, dul, dul!! Bhí cúrsa constaicí againn (buíochas le rang a 5 as eagrú) agus réimse leathan gníomhaíochtaí chomh maith leis na rásaí traidisiúnta uibhe, spúnóige agus sac. Bhí goile ag na páistí cinnte i ndiaidh na ngníomhaíochtaí go léir agus mar sin ba mhór an áthas dóibh gur tháinig an veain uachtar reoite! Ba mhór an fáilte a bhí rompu seo ar an lá, buíochas leis an PA as an ócáid speisialta seo a eagrú. Lá iontach a bhí ann chun deireadh a chur lenár seachtain dheireanach ar scoil. Maith sibh go léir.
Tá na grianghraif sa phost seo foilsithe le toiliú scríofa tuismitheora/caomhnóra. Féach ar ár Polasaí Grianghrafadóireachta.


