CLG
Maith sibh na cailíní sinsearacha as ucht an cluiche ceannais i gCamógaíocht Roinn E Cumann na mBunscol a bhaint amach. D’imir siad a gcroí amach ach ní raibh sé le bheith ar an oíche. Beidh an taithí ina tairbhe dóibh sna blianta amach romhainn agus tá moladh tuillte acu as a mbuanseasmhacht agus a ndúthracht. Maith sibh a chailíní. Buíochas le Ms. Coleman, Conor Prendergast agus Rhona Drohan as na seisiúin oiliúna agus na focail eagna go léir, táim an-bhuíoch díot.
Ghlac daltaí rang a dó páirt i mblitz i mBaile na mBíle. D’imir siad ar fad ar fhoirne difriúla le daltaí ó scoileanna eile agus bhí lá iontach ag gach duine. Rinne cailíní Rang a Cúig réiteoireacht ar na cluichí, maith sibh!
Tá na grianghraif sa phost seo foilsithe le toiliú scríofa tuismitheora/caomhnóra. Féach ar ár Polasaí Grianghrafadóireachta.


