Saoire na Cásca — 28 Márta go 13 AibreánTá an scoil dúnta don sos Cásca. Osclóidh muid arís Dé Luain an 14 Aibreán. Dúnfar an scoil ag 12:00 meán lae Dé hAoine an 28 Márta.
Rinne an Bord Bainistíochta athbhreithnithe débhliantúla éigeantacha ar Pholasaí Clárúcháin agus ar Pholasaí Úsáide Substaintí na scoile.
Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta buíochas a ghabháil leis an bhfoireann as a gcuid oibre crua agus a ndíograis i rith téarma gnóthach an Fhómhair.
Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí/caomhnóirí as a dtacaíocht agus guím Nollaig shona agus bliain úr shíochánta ar phobal na scoile ar fad.